An Saighdiúir Tréigthe
Source: The Stone Fiddle by Paddy Tunney
Location: New Edition, page 181
Nuair a d’éirigh mé maidin Dé Chéadaoin
Níor choisreac mé m’éadán faraor,
Nó gur bheir mé ar an arm a ba ghéire
Agus chuir mé a chéal le cloich líof’.
Chaith mise díom mo chuid éadaigh
Is mo chuail mhaith gur lig mé le gaoith,
‘S nuair a chuala mé iomradh ar mo chéadsearc,
Steall mé ‘n corrmhéár ón alt díom.
Is fada mo chosa gan bhróga,
Agus is faide mo phócaí gan phinghin.
Is fada mé ‘gabháil le mná óga,
Ach níor ól mé riamh deoch le mo mhian.
Is fada mo chradh chroí á dhéanamh.
Mó thumba á phrionntáil ag saor,
‘Gus mo chomhnair á tógáil lá an Earraigh,
‘Gus na buachaillí deasa ag gacháil faoi.
Dá mbeinnse seacht mbliana faoin talamh
Ná i bhfiabhras na leapa i mo luí,
A chéadhsearc, dá dtiocfá ‘gus m’fhiafraí,
Scéal cinnte go mbeinn leat mo shuí.
Is trua nack marbh bhí m’ athair
Nuair a chuir sé mé go h-airm a’ Rí,
‘S gurbh í’n uaigh mo chrua leaba feasta
‘S a chéadsearc nach trua leat mo luí?