Coinleach Glas an Fhómhair
Source: The Stone Fiddle by Paddy Tunney
Location: New Edition, page 179 / 180
Ar chonnlaigh ghlais an Fhómhair, a stóirín, gur dheac mé uaim.
Ba deas do chos i mbróíg, ‘s ba ró-dheas do leagan siúil.
Do ghruaidh ar dhath na rósaí ‘s do chuiríní bhí fighte dlúth.
Monuar gan sinn ár bpósadh nó ‘r bord loinge ag triall ‘un siúil.
Tá buachaillí na h-áite seo a’ gártha ‘gu ag éirí teann.
Is lucht na gcocán ard a’ déanamh fárais do no chailín donn.
Dá ngluaisfeadh Rí na Spáionne than sáile is a shlóite cruinn,
Brúighfinn féar is fásach is bheinn ar lámh le mo chailín donn.
Ceannach buaibh ar aonaigh dá mbeinn agus mo chailín donn.
Gluais is tar a chéád-searc no go dtéidh muid thar Ghaoth Beara anon.
Go scartar óna chéile barr na gcraobh agus an eala ó’n tuinn,
Ní scarfar sinn ó chéile ‘s níl ach baos díbh a chur in chur gceann.
Sé chuala mé Dé Domhnaigh mar chómhrá ‘gabháil eadar mnáibh
Go raibh sí ‘gabháil á pósadh ar óighfhear dá bhfuil san áit.
A stóirín, glac mo chomhairle ‘s an fómhar seo fán mar atá,
‘S chá ligim le a bhfuil beo thú, a stór, nó is tú mo ghrá.