Tiocfaidh an Samhradh

Source: Where The Linnets Sings (2026)

Location: Track 18


Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar

Agus tiocfaidh na duilliúir glas ar bharr na gcraobh.

Agus tiocfaidh mo rúnsearc le banú an lae,

Agus buailfidh sí tiún suas le cumha i mo dhéidh.

Is óg ’s is óg a chuir mé dúil i ngreann

Dá dhéanfainn súgradh le mo rún ar faill;

D’fhág sí an baile seo ’n dhiaidh a dhéanamh bhrón

’S gan agam mo chumha ’s tú a fheicfidh níos mó.

Scairt mé aréir ag an doras thall,

Agus scairt mé arís ar mo ghrá go teann,

’Sé dúirt a daidí liom nach raibh sí ann,

Ná gur éalaigh sí aréir leis an bhuachaill donn.

Brón ar an fharraige mar is í atá mór

Mar is í tá gabháil idir mé is mo mhíl a stór

Níl baile cuain ar bith dá ngluaisinn ann,

Nach bhfaighinn maighdean óg dá shiúilfinn liom.

Shiúil mé thoir agus shiúil mé thiar,

Agus shiúil mé Corcaigh agus Baile Átha Cliath,

Agus shiúil mé an baile seo faoi dhó le bliain,

Ag iarraidh mo stóirín ’bhain díom mo chiall.


Previous
Previous

The Clear Winding Ayr

Next
Next

The Bonnie Blued-Eyed Lassie